Phoenix welcome planning approval for new Arts and Cultural Centre in Daingean Uí Chúis

Dingle, 4th August 2026: Yvonne McGuinness, Cillian Murphy, and the Phoenix team are delighted to share the news that An Coimisiún Pleanála has granted planning permission for a new Arts and Cultural Centre in Daingean Uí Chúis/Dingle.

Daingean Uí Chúis/Dingle has waited decades for an arts centre, and the Phoenix will provide a much-needed space for community to gather, create and celebrate the unique culture, heritage, and creativity of this special place. We’re excited about the opportunities this space will create for both the people of Dingle and the wider Irish arts community.

As we move to the next phase of development, we are also pleased to announce that we have also submitted our Category 1 Rural Regeneration Development Fund application to the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht (An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta) with Kerry County Council as our lead partner – we are most grateful for their continued support, partnership and commitment to the project.

Finally, thank you to everyone who has supported this journey so far. We look forward to the next chapter as we work together to bring this vision to life.

Ní neart go cur le chéile.

Fáiltíonn an Phoenix roimh chead pleanála d’Ionad nua Ealaíon agus Cultúir i nDaingean Uí
Chúis.

An Daingean, 4ú Lúnasa 2026: Tá ríméad ar Yvonne McGuinness, Cillian Murphy, agus foireann an Phoenix an dea-scéal a roinnt go bhfuil An Coimisiún Pleanála tar éis cead pleanála a thabhairt d’Ionad nua Ealaíon agus Cultúir i nDaingean Uí Chúis.

Tá Daingean Uí Chúis ag fanacht le blianta fada ar ionad ealaíon, agus cuirfidh an Phoenix spás atá ag teastáil go géar ar fáil don bpobal mar áit chun teacht le chéile, cruthú agus ceiliúradh a dhéanamh ar chultúr, oidhreacht agus cruthaitheacht ar leith an cheantair speisialta seo. Cuireann sé sceitimíní orainn machnamh ar na deiseanna a cruthóidh an spás seo do mhuintir an Daingin agus do phobal níos leithne na n-ealaíon in Éirinn.

Agus sinn ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den fhorbairt, táimid fíorshásta a chur in iúl go bhfuilimid tar éis ár n-iarratas a chur isteach ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta do Chatagóir 1 den Chiste Forbartha Athnuachana Tuaithe, le Comhairle Contae Chiarraí mar phríomh-chomhpháirtí again. Táimid thar a bheith buíoch dóibh siúd as a dtacaíocht, comhpháirtíocht agus díograis leanúnach i leith an tionscadail.

Mar fhocal scoir, ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le gach éinne a thacaigh linn ar an aistear go dtí seo. Táimid ag súil go mór leis an gcéad chaibidil eile, agus sinn ag obair le chéile chun an aisling seo a fhíorú.

Ní neart go cur le chéile.

Get in Touch

Get in Touch

    Sea Angling festival dance, The Phoenix Dingle’ August 1958, courtesy of the Kennelly Archive